Tionscnaítear an SRT i gcás ina gcinntear nach bhfuil institiúid chreidmheasa ábalta a cuid taiscí a aisíoc.
I bhformhór na gcásanna, déantar íocaíochtaí cúitimh i leith taiscí incháilithe suas le €100,000 in aghaidh an duine, in aghaidh na hinstitiúide, a sheoladh go huathoibríoch chuig taisceoirí.
Go hiondúil, ní bhíonn ar thaisceoirí éileamh a dhéanamh chun cúiteamh faoin SRT a fháil.
Leis an Scéim Ráthaíochta Taiscí (SRT), cosnaítear taisceoirí i gcás nach mbeidh banc, cumann foirgníochta nó comhar creidmheasa atá údaraithe ag an mBanc Ceannais ábalta taiscí a aisíoc. Bíonn an SRT á riaradh ag Banc Ceannais na hÉireann agus á cistiú ag na hinstitiúidí creidmheasa a chlúdaítear faoin scéim.